Donegal on the Net logo ©

Recommended Irish Language Books / Leabhraí Inmholta den theangaí Gaeilge

Ar Chreag i Lár na Farraige le Lillis Ó Laoire
Tír gan teanga, tír gan anam. Sin a deirtear. Agus is fíor freisin a rá gur tír gan anam tír gan cheol. In Éirinn tá an ceol fite fuaite le gach gné den saol againn, agus gan mórán airde tugtha ar an fhíoras seo. Sa saothar spreagúil Ar Chreag i Lár na Farraige 'sí an cheist seo, brí an cheoil, atá faoi chaibidil.
Oileán Thoraí, oileán an rí gan choróin atá ina luí amuigh ó chósta thiar-thuaidh Thír Chonaill. Cé nach mór a achar, is mór an mhaoin cheoil atá neadaithe ann, le traidisiún amhránaíochta atá fós beo agus ina chuid lárnach de shaol an oileán. In Ar Chreag i Lár na Farraige déanann an t-údar scagadh ar chleachtadh na hamhránaíochta i measc phobal an oileán. Déanann sé an cleachtadh sin a shníomh isteach i gcomhthéacs shaol an phobail céanna, ar thóir réiteach na ceiste: Cén bhrí atá leis an cheol?
Tá suas le ochtó grianghraf sa leabhar, agus tá dlúthdhiosca ag dul leis ar a bhfuil idir amhráin agus cheol ón oileán. Tá amhráin ar an CD ó amhránaithe móra Thoraí, leithéidí John Tom Ó Mianáin, Jimí Mhary Bhilí, Teresa Mhic Claifeartaigh agus Éamonn Mac Ruairí. Leabhar údarásach atá in Ar Chreag i Lár na Farraige, agus bíobla úr d'amhránaithe ar fud na tíre agus do lucht an cheoil go gineareálta, a nochtaidh cruinne shaibhir chultúrtha Oileán Thoraigh dóibh. Cuirfidh an bailiúchán seo gliondar ar aon duine a bhfuil ceol ina chroí.

Cathal Coinín agus Cairde Beaga Eile le Gearóidín Breathnach
Cnuasach álainn de scéalta do pháistí óga ón scéalaí agus ón amhránaí cáiliúil seo. Tá carachtaeir áille cruthaithe ag Gearóidín, agus neart diabhlaíochta ar bun acu uilig. Tá Cathal Coinín dána ag ligean air go bhfuil sé tinn ionas nach gcaithfidh sé dul ar scoil. Tá Áine ag iarraidh a thaispeáint don mhúinteoir gur ise an duine is fearr sa rang ag dul den Bhéarla, ach n'fheadar an fios di cad is brí leis na focail mhóra atá á n-úsáid aici? Tá Séimí ag súil go mbeidh pizza deas ag a sheanmháthair dó nuair a fhilleann sé ón scoil, ach síleann sise go mbeadh brúitín níos fearr dó. Agus cad faoi na luchóga nach n-itheann aon fheoil? Cuirfidh an bailiúcháin seo gliondar ar pháistí, agus is féidir leo éisteacht le Gearóidín á léamh ar an dlúthdhiosca a ghabhann leis an leabhar.

In association with Amazon.com & Amazon.co.uk we recommend the following Books and Tapes. To order click on the currency of your choice.
Irish on Your Own by Eamon Ó Dónaill
(Book & Cassette Edition, January 1998)
$ US Dollars    £ UK Pounds

Irish: A Complete Course for Beginners
by Diarmuid Ó Sé (Paperback, June 1994)
$ US Dollars    £ UK Pounds

Irish: A Complete Course for Beginners Vol 2
by Diarmuid Ó Sé & Joseph Sheils
(Book & Cassettes, October 1994)
$ US Dollars    £ UK Pounds

Learning Irish : An Introductory Self-Tutor
by Mícheál Ó Siadhail
(Paperback, June 1995)
$ US Dollars    £ UK Pounds

Learning Irish/Audio Cassettes
by Mícheál Ó Siadhail (Cassette Edition, June 1995)
$ US Dollars    £ UK Pounds

Irish Dictionary : English-Irish Irish-English/Bearla-Gaeilge Gaeilge-Bearla by Seamus Mac Mathúna, Ailbhe Ó Corráin
(Mini Paperback, November 1995)
$ US Dollars    £ UK Pounds






About this Site    Services    Newsletter    Guestbook     Shopping      Contact Us         General Information    Gaeilge
Places to Visit    Towns & Islands    Environment    Arts and Crafts    Holidays    Education    History
Genealogy     Music     Media     Property     Projects     Sport     Writers

© Donegal County.com & Dún na nGall.com